|
|
Fáilte go dtí an suíomh seo idirlíne. Bhi sé i gceist agam ar feadh tamaill cuid den suíomh a chur ar fáil i nGaeilge, agus anois tá sin á dhéanamh agus á láinseáil le linn Seachtain na Gaeilge agam. Toisc brú ama áfach, ní bheidh ar no chumas gach chuid den suíomh a choimeád dhá-theangach, mar gur bhreá liom. Ach go háirithe, cuirfear amach preas-ráitisí i mBéarla amháin an cuid is mó den am. Fáilteoidh mé roimh aon tuairimí i nGaeilge trín leathanach teangmhála, nó ar aon slí eile.
Is Comhairleoir Pháirtí an Lucht Oibre mé a toghadh sa bhlian 2004 do Chomhairle Chathrach Chill Chainnigh. Ó shin i leith, táim ag obair ar son muintir na Chathrach ar réimse leathan ábhair. Ach go háirithe tá suim agam i gcúrsaí timpeallachta agus áiseanna do dhaoine óga. Táim ag treorú feachtas chun Páirc scátála a chur ar fáil in éineacht le roinnt Comhairleoirí eile.Táim ag lorg Córas Thaisteal Poiblí don gCathair chun úsáid ghluaisteán sa chathair a laghdú.
Táim fós gníomhach i gceisteanna Náisiúnta agus idirnáisiúnta áfach, ag déanamh ionadaíocht do Pháirtí an Lucht Oibre i gcomhchainteanna síochána leis an DUP. Threoraíos an fheachtas a d'eirigh leis 'Cathair Thrádál Chothrom'a dhéanamh do Chill Chainnigh, agus táim fós bainteach leis an bhfeachtas i gcoinne pháirt Mheiriceá agus Shasana sa chogadh san Íaráic.
Is mise le dea-ghui,
|